Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht

Bhunaigh an Ceann Comhairle, an Teachta Séan Ó Fearghaíl, agus an Cathaoirleach, an Seanadóir Jerry Buttimer, an Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht i mí na Bealtaine 2023.

Tá ionadaíocht chothrom agus éagsúil den riachtanas ar mhaithe leis an daonlathas. Maidir leo siúd a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht, tugtar le fios i dtuairiscí sna meáin agus i dtorthaí suirbhé go bhfuil anrud drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, á fáil acu agus go bhfuil ciapadh á dhéanamh orthu.

Tá an Tascfhórsa tar éis a mbreithniú ar an ábhar seo a chur i gcrích agus tá moltaí déanta aige faoin gcaoi a bhféadfaí rannpháirtíocht a chosaint agus tacú léi agus dioscúrsa sibhialta a chur chun cinn sa pholaitíocht.

Amharc ar an bhfíseán

Léigh

Tuarascáil an Tascfhórsa

Cuimsíonn an tuarascáil 16 mholadh inghníomhaithe a bhaineann le riachtanais taighde, slándáil agus sábháilteacht, comhordú straitéise chun dul i ngleic leis na spreagthóirí atá taobh thiar den drochíde, ról na bpáirtithe polaitíochta agus na meáin shóisialta.

Suirbhé an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Rinneadh torthaí ó shuirbhé acadúil an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar Chomhaltaí agus ar a bhfoirne a fhoilsiú i gcomhthráth le tuarascáil an Tascfhórsa.

Plean Gníomhaíochta

Croí-bhearta agus amlínte le haghaidh moltaí atá tar éis eascairt as an tuarascáil a thagann faoi shainchúram Thithe an Oireachtais

Comhaltas agus téarmaí tagartha

Comhaltas
Téarmaí tagartha
Fógra príobháideachta

Foilseacháin agus aighneachtaí

Fuair an Tascfhórsa aighneachtaí agus foilseacháin a bhaineann lena chuid oibre ó pháirtithe leasmhara éagsúla.

Teagmháil

An Rúnaí: Bríd Dunne
An Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath
D02 XR20
taskforcesp@oireachtas.ie

Teagmhálaí preasa
Verona Ní Bhroinn
(01) 618 3881
(087) 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie

Barr
Roinn